Nov 20, 2015 | Body Composition, Gaeilge |
Braitheann an corp agus an sláinte atá bronnta orainn go formhór ar an slí maireachtála a leanann muid. Mar sin de, chun athrú mór a chur i gcrích, níl aon draíocht i gceist; caithfimid ithe mar is ceart agus slí maireachtála níos gníomhaí a chruthú. Bíonn an corp agus anam faoi bhláth nuair a chothaíonn muid an corp le bia glan agus bogadh flúirseach. Sin é. Chuir Ailbhe Ní Riain cúpla ceist orm ar na mallaibh le haghaidh tionscnamh ollscoile. Seo thíos an chéad ceann; tá súil agam go gcuidíonn sé le dhaoine aicsin a ghlacadh inniú. Cén sórt aclaíocht is éifeachtaí chun meachán a chailleadh, agus an bia is fearr ithe? Go hiondúil nuair a bhíonn sé mar sprioc ag daoine meachán a chailleadh, tagann rud amháin ar intinn: rith. Don chuid is mó ní hé seo an bealach is slaintiúla ná is éifeachtaí seo a bhaint amach. Cinnte, oibreoidh sé ar feadh tammaill, oibreoidh aon sort aclaíocht ar dtús nuair nach bhfuil an corp cleachtaithe leis. Ach an rud a fhéicimid go minic ná go bpiocann daoine suas gortaithe as bheith ag cur isteach na mílte fada ag rith, tagann srian ar dul chun cinn ar ná scalaí, agus éiríonn an duine díomuach. Ag an am céanna, thiocfadh leat a rá gurbh é an módh aclaíochta is éifeachtaí ná an ceann a bhaineann tú sult as agus a chloífidh tú leis sa fad téarma. Marsin más é rith do rogha, thar barr. Ach ní gá mothú go mbeadh iachall ort rith má tá tú ag iarraidh crut a chur or do chorp. Tá beallaí eile ann atá níos cinéalta ar na géaga, agus b’fhéidir...